Artwork

Вміст надано Conradh na Gaeilge i Londain. Весь вміст подкастів, включаючи епізоди, графіку та описи подкастів, завантажується та надається безпосередньо компанією Conradh na Gaeilge i Londain або його партнером по платформі подкастів. Якщо ви вважаєте, що хтось використовує ваш захищений авторським правом твір без вашого дозволу, ви можете виконати процедуру, описану тут https://uk.player.fm/legal.
Player FM - додаток Podcast
Переходьте в офлайн за допомогою програми Player FM !

28 Deireadh Fómhair 2023 (Ciarraí)

6:50
 
Поширити
 
Manage episode 381174916 series 2770343
Вміст надано Conradh na Gaeilge i Londain. Весь вміст подкастів, включаючи епізоди, графіку та описи подкастів, завантажується та надається безпосередньо компанією Conradh na Gaeilge i Londain або його партнером по платформі подкастів. Якщо ви вважаєте, що хтось використовує ваш захищений авторським правом твір без вашого дозволу, ви можете виконати процедуру, описану тут https://uk.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 28 Deireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.
Beidh cluiche ceannais Chorn an Domhain sa Rugbaí ar siúl Dé Sathairn i Stade de France i bPáras, agus an Afraic Theas ag imirt i gcoinne na Nua-Shéalainne. Thug an Afraic Theas na cosa leo agus iad ag buachan ar Shasana le pointe amháin ag an gcluiche ceathrú ceannais agus bhuaigh an Nua-Shéalainn go bog ar an Airgintín. Beidh an dhá fhoireann ag iarraidh Corn Webb Ellis a bhuachan don cheathrú uair. Don Afraic Theas, is é seo an ceathrú uair dóibh áit sa Chluiche Ceannais a bhaint amach agus an cúigiú uair don Nua-Shéalainn. Baineadh cor coise astu i rith an chomórtais nuair a chaill an Nua-Shéalainn i gcoinne na Fraince agus chaill an Afraic Theas i gcoinne Éireann ach thángadar chucu féin go láidir arís.

Leis an gcogadh ag tarlú sa Mheánoirthear idir Iosrael agus Hamas, dhein arm Iosrael an darna ruathar isteach go Gaza. Deirtear go bhfuil arm Iosrael ag ullmhú chun ionradh a dhéanamh ar réigiún atá faoi riail Hamas. Bhuail saighdiúirí coise agus aonaid innealtóireachta targaidí thar oíche in oirthear na cathrach. Deir údaráis Gaza go bhfuil os cionn 7,300 duine tar éis bás a fháil ó thosaigh an cogadh. Deir rialtas Iosrael gur maraíodh níos mó ná 1400 duine nuair a dhein Hamas ionsaí gan choinne ar Iosrael agus iad ag marú sibhialtach cóngarach don teorainn. Ceaptar go bhfuil 224 Iosraelach á choimeád i ngéibheann istigh in Gaza. Theith os cionn milliún Palaistíneach go dtí deisceart an stráice faoi ordú arm Iosrael. Agus na daoine sin atá sáinnithe i réigiún atá measartha beag tá eagla ann go mbeidh géarchéim dhaonnúil ann mar níl aon leictreachas nó uisce reatha ar fáil agus tá an bia ídithe i gcaitheamh na n-uaireanta.

Tharla rud neamhghnách in Uisceadán Acla i gContae Maigh Eo. Bhí gliomach ailbíneach neamhchoitianta a d’athraigh ó bhán go gorm. Tá cónaí ar an ngliomach san uisceadán ó fuarthas é amach ón gcósta sé bliana ó shin. Tá cáil ar an ngliomach le turasóirí ag teacht chun féachaint air. Ainmníodh é Charlie i ndiaidh an iascaire Charlie O’Malley a rug air amuigh ó chósta Acla sa bhliain 2017. Le ceithre bliana anuas tá dath gorm ag teacht air. Ní mhaireann gliomaigh ailbíneacha ach idir trí agus cúig bliana mar feiceann creachadóirí go héasca iad. Deir Kevin Garvin a oibríonn san Uisceadán go raibh Charlie ina ghliomach fásta nuair a rugadh air agus mar sin bheadh sé ceithre bliana d’aois anois. De réir mar atá sé ag fás, gach 12 go 14 mí, cuireann sé a bhlaosc. Ansin tagann dath gorm níos láidre air. Dúirt tréidlianna a tháinig ar chuairt chun féachaint air go bhfuil sé an-neamhghnách go dtarlaíonn sé seo do ghliomach ailbíneach.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

thug siad na cosa leo - they weathered the storm

cor coise - setback

ionradh - invasion

géarchéim dhaonnúil - humanitarian crisis

gliomach ailbíneach - albino lobster

uisceadán - aquarium

  continue reading

232 епізодів

Artwork

28 Deireadh Fómhair 2023 (Ciarraí)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconПоширити
 
Усі епізоди

×
 
Loading …

Ласкаво просимо до Player FM!

Player FM сканує Інтернет для отримання високоякісних подкастів, щоб ви могли насолоджуватися ними зараз. Це найкращий додаток для подкастів, який працює на Android, iPhone і веб-сторінці. Реєстрація для синхронізації підписок між пристроями.

Короткий довідник