Artwork

Вміст надано Conradh na Gaeilge i Londain. Весь вміст подкастів, включаючи епізоди, графіку та описи подкастів, завантажується та надається безпосередньо компанією Conradh na Gaeilge i Londain або його партнером по платформі подкастів. Якщо ви вважаєте, що хтось використовує ваш захищений авторським правом твір без вашого дозволу, ви можете виконати процедуру, описану тут https://uk.player.fm/legal.
Player FM - додаток Podcast
Переходьте в офлайн за допомогою програми Player FM !

22 Iúil 2023 (Luimneach)

6:29
 
Поширити
 
Manage episode 371926714 series 2770343
Вміст надано Conradh na Gaeilge i Londain. Весь вміст подкастів, включаючи епізоди, графіку та описи подкастів, завантажується та надається безпосередньо компанією Conradh na Gaeilge i Londain або його партнером по платформі подкастів. Якщо ви вважаєте, що хтось використовує ваш захищений авторським правом твір без вашого дозволу, ви можете виконати процедуру, описану тут https://uk.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an dara lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey.

Tá géarchéim RTÉ ag leanúint ar aghaidh an tseachtain seo. Ghabh an tArdstiúrthóir nua, Kevin Bakhurst, buíochas le daoine a lean ar aghaidh ag íoc a gceadúnas teilifíse. Tháinig a thuairim mar fhreagra ar thitim i ndíolacháin cheadúnais teilifíse le dhá mhí anuas go luach milliún euro. Dar leis, tá na himeachtaí le déanaí maidir le scannal pá RTÉ “tar éis scáth chomh dorcha a chaitheamh ar RTE”. Tá maoiniú an chraoltóra á cheistiú arís mar gheall ar thitim na n-uimhreacha, tar éis don Rialtas diúltú do mholtaí an Choimisinéara ar Thodhchaí na Meán chun bogadh go maoiniú státchiste anuraidh. Idir an dá linn sa Ríocht Aontaithe, tá sé ráite ag ardstiúrthóir an BBC go bhféadfadh an t-imscrúdú inmheánach ar Huw Edwards, leanúint ar aghaidh go dtí an fómhar. Cuireadh i leith Huw Edwards, tríocha cúig mhíle punt a íoc le duine fásta a raibh andúil i ndrugaí air as pictiúir gháirsiúla.

Bhí rialtóir cumarsáide na hÉireann, Comreg, ina ábhar d’fheachtas domhanda haiceála. Tá an feachtas nasctha le grúpa atá bunaithe sa Rúis, a bhagair go bhfoilseofaí méideanna suntasacha faisnéise goidte. Ina ról mar rialtóir, bailíonn agus coinníonn Comreg sonraí a bhaineann leis an tionscal teileachumarsáide, lena n-áirítear príomhsholáthraithe seirbhíse idirlín agus soláthraithe fón póca na tíre go léir. Tá sé ráite ag Comreg nach bhfuil faisnéis phearsanta nó rúnda tráchtála ach i gcuid bheag de na comhaid a ndeachaigh an haiceáil i bhfeidhm orthu. Bhí an grúpa i mbaol na sonraí a fhoilsiú mura bhfaigheadh siad íocaíocht faoin gceathrú lá déag de mhí an Mheithimh, rud nach bhfuil íoctha ag an rialtas, de réir a pholasaí.

Bhuail Carlos Alcaraz, atá fiche bliain d'aois, an seaimpín reatha Novak Djokovic ag Wimbledon Dé Domhnaigh. Ní raibh aon chailleadh ag Djokovic sa Chúirt Lárnach óna chluiche ceannais sa bhliain fiche trí déag in aghaidh Andy Murray. Dúirt Alcarez, arbh as an Spáinn dó, gurbh é “an tráth is sona dá shaol” é agus ghabh sé buíochas leis an slua agus le rí na Spáinne as a bheith i láthair agus as é a spreagadh chun an bua a fháil. I gcluiche ceannais na mban, ba í Marketa Vondrousova an chéad bhean neamhréimnithe a bhuaigh teideal na mban. Bhí Vondrousova sa dara háit is daichead ar domhan ach chuaigh sí ar aghaidh chun Ons Jabeur a bhualadh.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ceadúnas teilifíse - television licence

andúil - addiction

rialtóir cumarsáide - communications regulator

príomhsholáthraithe - main providers

seaimpín reatha - current champion

neamhréimnithe - unseeded

  continue reading

232 епізодів

Artwork

22 Iúil 2023 (Luimneach)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconПоширити
 
Todos los episodios

×
 
Loading …

Ласкаво просимо до Player FM!

Player FM сканує Інтернет для отримання високоякісних подкастів, щоб ви могли насолоджуватися ними зараз. Це найкращий додаток для подкастів, який працює на Android, iPhone і веб-сторінці. Реєстрація для синхронізації підписок між пристроями.

Короткий довідник