Artwork

Вміст надано Conradh na Gaeilge i Londain. Весь вміст подкастів, включаючи епізоди, графіку та описи подкастів, завантажується та надається безпосередньо компанією Conradh na Gaeilge i Londain або його партнером по платформі подкастів. Якщо ви вважаєте, що хтось використовує ваш захищений авторським правом твір без вашого дозволу, ви можете виконати процедуру, описану тут https://uk.player.fm/legal.
Player FM - додаток Podcast
Переходьте в офлайн за допомогою програми Player FM !

20 Bealtaine 2023 (Baile Átha Cliath)

4:35
 
Поширити
 
Manage episode 364483968 series 2770343
Вміст надано Conradh na Gaeilge i Londain. Весь вміст подкастів, включаючи епізоди, графіку та описи подкастів, завантажується та надається безпосередньо компанією Conradh na Gaeilge i Londain або його партнером по платформі подкастів. Якщо ви вважаєте, що хтось використовує ваш захищений авторським правом твір без вашого дозволу, ви можете виконати процедуру, описану тут https://uk.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an fichiú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Eisíodh tuairiscí contrártha faoi na ceathrar leanaí, leanbh de aon mhí dhéag d'aois san áireamh, atá ar strae i bhforaois bháistí na hAmasóine na Colóime tar éis timpiste eitleáin níos mó ná coicís ó shin. D’fhógraigh an tUachtarán Gustavo Petro ar Twitter gur thángthas ar na leanaí tar éis “dianiarrachtaí cuardaigh” ag an arm, ach d'eisigh sé ráiteas eile cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin ag rá nach raibh an tuairisc daingnithe. Tá níos mó ná 100 saighdiúir, trí héileacaptar agus madraí bolaíochta imscartha ag na húdaráis chun cuardach a dhéanamh ar na leanaí a bhí ag taisteal in eitleán ar an chéad lá de mhí naBealtaine, nuair a thuairt sé, agus maraíodh triúr daoine fásta ar bord. Creideann tarrthálaithe go raibh na leanaí dúchasacha —13, 9, 4 agus 11 mí d’aois—ag fánaíocht tríd an dufair i réigiún theas Caqueta ó tharla an timpiste.

Tá Ollscoil Oxford chun an t-ainm Sackler a bhaint óna foirgnimh mar gheall ar an mbaint atá ag an teaghlach leis an ngéarchéim codlaidíneach i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Agus iad ag leanúint d’institiúidí eile ar fud an domhain, chinn an ollscoil Leabharlann Sackler a athainmniú agus tá gailearaithe agus poist foirne ag Músaem Ashmolean á n-athainmniú tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na naisc. Tá an teaghlach Sackler ceangailte le Purdue Pharma, déantóir an phianmhúcháin OxyContin atá buailte le cásanna dlí sna Stáit Aontaithe.

Tá imní ar Chomhairle Inimircigh na hÉireann faoi shábháilteacht iarrthóirí tearmainn tar éis ionsaí ar champa garbh sráide i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite, a dúirt an Príomhfheidhmeannach. Thug Brian Killoran foláireamh go gcaithfidh gardaí agus údaráis eile díriú orthu siúd ar an eite fhíordheis atá ag iarraidh mífháisnéis a scaipeadh agus foréigean a spreagadh. De réir figiúirí oifigiúla, tá 502 teifeach ina gcodladh amuigh faoin aer. D’fhógair an tAire Lánpháirtíochta O’Gorman tráthnóna inné go mbeadh trí ionad lóistín breise le cur ar fáil i mBaile Átha Cliath.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

madraí bolaíochta - sniffer dogs

dufair - jungle

géarchéim codlaidíneach - opiate crisis

pianmhúchán - painkiller

iarrthóirí tearmainn - asylum seekers

mífháisnéis - misinformation

  continue reading

232 епізодів

Artwork

20 Bealtaine 2023 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconПоширити
 
Усі епізоди

×
 
Loading …

Ласкаво просимо до Player FM!

Player FM сканує Інтернет для отримання високоякісних подкастів, щоб ви могли насолоджуватися ними зараз. Це найкращий додаток для подкастів, який працює на Android, iPhone і веб-сторінці. Реєстрація для синхронізації підписок між пристроями.

Короткий довідник