Artwork

Вміст надано Conradh na Gaeilge i Londain. Весь вміст подкастів, включаючи епізоди, графіку та описи подкастів, завантажується та надається безпосередньо компанією Conradh na Gaeilge i Londain або його партнером по платформі подкастів. Якщо ви вважаєте, що хтось використовує ваш захищений авторським правом твір без вашого дозволу, ви можете виконати процедуру, описану тут https://uk.player.fm/legal.
Player FM - додаток Podcast
Переходьте в офлайн за допомогою програми Player FM !

2 Meán Fómhair 2023 (Ciarraí)

6:12
 
Поширити
 
Manage episode 375933924 series 2770343
Вміст надано Conradh na Gaeilge i Londain. Весь вміст подкастів, включаючи епізоди, графіку та описи подкастів, завантажується та надається безпосередньо компанією Conradh na Gaeilge i Londain або його партнером по платформі подкастів. Якщо ви вважаєте, що хтось використовує ваш захищений авторським правом твір без вашого дозволу, ви можете виконати процедуру, описану тут https://uk.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Bhí fadhbanna teicniúla ag rialtóir aerthráchta sa Bhreatain a chur isteach ar eitiltí isteach agus amach ón tír. Tá na mílte daoine sáinnithe faoi láthair sa Bhreatain agus thar lear a bhí imithe ar laethanta saoire nó ag iarraidh teacht abhaile. Chuir na seirbhísí aerthráchta teorainn leis an méid eitleán ábalta leaindeáil in aerfoirt timpeall na Breataine agus chuireadar na céadta eitilt ar ceal. Cé gur socróidh an fhadhb tar éis cúpla uair a' chloig, ceaptar go mbeidh cúpla lá ann sula mbeidh seirbhísí ar ais i gceart arís. Dúirt bainisteoir oibríochtaí NATS an Rialtóir Aerthráchta Naisiúnta go mbeidh tamall eile ann go mbeidh eitiltí ar ais mar is gnách. Dúirt ceannasaí NATS gur tharla sé seo mar gur seoladh plean eitilte isteach nach raibh an córas ábalta próiseáil. Beidh an tÚdarás Eitlíochta Sibhialta ag déanamh imscrúdú ar an eachtra seo.
Tá aighneas ar siúl sa Spáinn faoi láthair faoin méid a thit amach nuair a bhuaigh foireann ban na Spáinne an Corn Domhanda. Le linn an tsearmanais bhronnta, phóg Uachtarán Chónaidhm Peile na Spáine Luis Rubiales an peileadóir Jennifer Hermoso ar a béal. Dúirt an tUachtarán gur dhein sé botún ach go raibh an phóg comhthoiliúil. Dúirt Hermoso nár thug sí cead dó í a phógadh agus gur bhraith sí gur deineadh sarú uirthi. Deir Rubiales go bhfuil Hermoso ag insint bréige agus leis sin go mbeidh an Chónaidhm ag cur cás dlí ina leith. D’fhógair foireann ban na Spáinne ná imreoidh siad aon chluiche go dtí go mbeidh Rubiales imithe as a phost. Ansin, cuireadh an tUachtarán ar fionraí go ceann 90 lá. Bhí cruinniú ag Uachtaráin Reigiúnacha an RFEF agus teastaíonn uathu go n-eireoidh Rubiales as a phost go luath. Tá siad ag iarraidh athstruchtúrú a chur i bhfeidhm chun postanna straitéiseacha nua a chruthú san eagraíocht.

Tháinig 200 duine le chéile chun dul sa tóir ar Ollphéist Loch Nis san Albain. Ceaptar go bhfuil cónaí ar an Ollphéist, ar a dtugtar Nessie uaireanta, istigh sa loch. Ní raibh a leithéid de chruinniú ann le caoga bliain. Bhí báid ag dul ar feadh an lae timpeall an locha le oibrithe deonacha ag faire amach don Ollphéist. Tháinig sealgairí le gléasanna sonóra chun mapáil a dhéanamh ar ghrinneall an locha agus dream eile le trealamh íomháithe theirmigh chun scanadh a dhéanamh ar an dromchla. Dúirt Alan McKenna go raibh sé ar bhád a bhí ag úsáid córas hidreafóin, saghas micreafóin faoin uisce. Chualadar ceithre ghlór shuaithinseacha ón loch nách raibh a fhios acu cén áit ar tháinig siad as. Bhí daoine ábalta féachaint ar bheoshruthú de. Tháinig cuairteoirí ó thimpeall na cruinne chun a bheith i láthair. Ceapann bainisteoir Ionad Loch Nis Paul Nixon, go bhfuil rud éigin i bhfolach ar ghrinneall an locha.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

rialtóir aerthráchta - air traffic controller

bainisteoir oibríochtaí - operations manager

comhthoiliúil - consensual

ar fionraí - on suspension

gléasanna sonóra - sonar devices

trealamh íomháithe theirmigh - thermal imaging equipment

  continue reading

231 епізодів

Artwork

2 Meán Fómhair 2023 (Ciarraí)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconПоширити
 
Усі епізоди

×
 
Loading …

Ласкаво просимо до Player FM!

Player FM сканує Інтернет для отримання високоякісних подкастів, щоб ви могли насолоджуватися ними зараз. Це найкращий додаток для подкастів, який працює на Android, iPhone і веб-сторінці. Реєстрація для синхронізації підписок між пристроями.

Короткий довідник