MHA відкриті
[search 0]
більше
Download the App!
show episodes
 
I read stoies from friends, myself, tumbler, and wattpad for your entertanment✍🏽📖🎙🎧 I go my She/He/They🌸 Pansexual♥ Genderfluid🏳️‍🌈 You can request characters by emailing me my email is Babydoll.lilith.2008@gmail.com If you want a specific gender let me know I go by the name Yuki or Mom Support this podcast: https://podcasters.spotify.com/pod/show/demon-life-3/support
  continue reading
 
Tony Mha's Sunday message berisi tentang pesan-pesan aku buat manusia-manusia di luar agar bisa menjadi manusia yang lebih baik lagi, meskipun aku juga tidak luput dari kesalahan. Tapi ayolah Kita sama-sama belajar dan bijak dalam bertingkah-laku
  continue reading
 
Loading …
show series
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá sé fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé chun éirí as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael, agus é ag rá gurb é an t-am a chaith sé ina Thaoiseach “an tréimhse is sásúla de mo shaol”…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Bhain Cillian Murphy éacht amach nuair a bhuaigh sé Gradam Oscar don aisteoir fireann is fearr dá ról mar J Robert Oppenheimer. Ba é an chéad uair riamh a bhuaigh duine a rugadh in Éirinn an gradam seo. Scannán beathai…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 9ú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Ní raibh an Mháirt Mhór chomh mór sin i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo. Bhí buanna móra ag Donald Trump i mbeagnach gach stát seachas Vermont, an t-aon stát a bhuaigh a chéile comhraic Nikki Haley. D’…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tharla tubaiste nua i nGaza an tseachtain seo ar Shráid Haroun Al Rasheed cois fharraige i gCathair Gaza. Phlódaigh slua mór daoine timpeall ar thionlacan cabhrach, ag lorg bia. Bhí Fórsaí Cosanta Iosrael freagrach as slándáil …
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh D’fhógair na Stáit Aontaithe smachtbhannaí móra an tseachtain seo atá dírithe ar an Rúis mar gheall ar bhás cheannaire an fhreasúra sa tír, Alexei Navalny, agus an cogadh leanúnach san Úcráin. Fógraíodh bás Navalny sa phr…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey. Dúirt Donald Trump go spreagfadh sé an Rúis ionsaí a dhéanamh ar chomhghuaillithe NATO nár chomhlíon a gcuid oibleagáidí airgeadais. Mar thoradh ar na tuairimí seo bhí roinnt polaiteoirí sinsearacha agus oifigigh ar fud an do…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá an t-iarThaoiseach agus iarcheannaire Fhine Gael John Bruton tar éis bás a fháil i ndiaidh tinneas fada. Thug a chlann le fíos i ráiteas gur bhásaigh sé go suaimhneach in Ospidéal Príobháideach an Mater i mBaile Átha C…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 3ú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Dheimhnigh an DUP go bhfillfeadh siad thar n-ais ar Stormont an tseachtain seo tar éis margaidh a dhein siad le Rialtas na Breataine. Ní raibh forais Stormont ina seasamh le dhá bhliain anuas ó tharraing an DUP amach astu mar gheal…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Siadhail. Dé hAoine, d’fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza. De réir an rialaithe, a tugadh sa Háig inné, tá ar Iosrael a dhícheall a dhéanamh g…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Thóg an Aifric Theas cás roimh an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ag líomhain gur cinedhíothú atá ar siúl ag Iosrael i nGaza. Chualathas an cás i gcúirt sa Háig an tseachtain seo caite. Sa tuarascáil, atá 84 lea…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Bhí an bhliain seo caite ar an bhliain ba theo ar an taifead, a deir seirbhís athraithe aeráide an Aontais Eorpaigh. Nochtaigh figiúirí nua go raibh an teas domhanda gar do 1.5°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamh…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Eanáir. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Ar Lá Caille, bhuail crith talún cósta thiar na Seapáine agus fuair 48 duine bás. Faoi láthair tá na húdaráis ag cuardach a huile daoine atá faoin smionagar agus foirgnimh tite anuas agus trí thine. Sa chathair Ishikawa a bhí …
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 30 lá de mhí na Nollag. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Maraíodh níos mó ná 200 duine le buillí Iosraelacha le linn 24 uair i lár na seachtaine, de réir na Roinne Sláinte atá faoi riarachán Hamas. Dúirt an Roinn Sláinte go raibh líon na bPalaistíneach maraithe sa chogadh go dtí seo…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna. Scoilteadh screamh an domhain san Íoslainn an tseachtain seo, agus bhrúcht bolcán nua san áit, in aice leis an mbaile Grindavik ar leithinis Reykjanes. Réabadh gág de thrí chiliméadar go leith sa screamh, ónár tháinig l…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Cuirfear iar-shaighdiúir Briotanach ar a thriail as dhá dhúnmharú agus cúig iarracht ar dhúnmharú ar Dhomhnach na Fola. Tá sé cúisithe i ndúnmharú William McKinney agus James Wray i nDoire ar an 30 Eanáir 1972. Chuir deartháir William McKinney, Mickey McKinney, fáilte roimh an gcinneadh Sa…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí na Nollag. Is mise Sibéal Dempsey. Labhair Boris Johnson ag fiosrúchán Covid na Ríochta Aontaithe Dé Céadaoin. Dúirt sé go raibh brón mór air as an bpian agus as an bhfulaingt a tharla le linn na paindéime. Dúirt sé nach raibh sé cinnte an de thoradh chinntí an rial…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Nollag. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá a mbuíochas léirithe ag teaghlach Emily Hand leo siúd a thacaigh leo an cailín Éireannach-Iosraelach atá naoi mbliana d'aois a fháil ar ais ó fhuadach Hamas. Tá sé ráite ag an Taoiseach, Leo Varadkar, gur freagraíodh pa…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 25ú lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tharla ionsaí scine i lár chathair Bhaile Átha Cliath tráthnóna Déardaoin ina sádh agus gortaíodh bean agus triúr páistí óga. Dúirt finnéithe gur ionsaigh fear sna caogaidí na páistí agus an bhean taobh amuigh de Ghaelscoil Chol…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Tharla comhdháil i nGána an tseachtain seo inar tháinig comhaltaí le chéile ón Aontas Afracach agus Cómhargadh Mhuir Chairib, 75 tír san iomlán. Tá sé ar intinn acu seasamh gualainn ar ghualainn chun áitiú ar thíortha Eor…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tá an choimhlint sa Mheánoirthear ar siúl le níos mó ná mí anois. Thosaigh an cogadh ar an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair nuair a rinne Hamas ionsaí ag féile cheoil in Iosrael, inar thóg siad timpeall …
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí na Samhna. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tugann reachtaíocht nua a tháinig i bhfeidhm Dé Máirt cosaint dhlíthiúil don síneadh fada in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí i bPoblacht na hÉireann. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agu…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 28 Deireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Beidh cluiche ceannais Chorn an Domhain sa Rugbaí ar siúl Dé Sathairn i Stade de France i bPáras, agus an Afraic Theas ag imirt i gcoinne na Nua-Shéalainne. Thug an Afraic Theas na cosa leo agus iad ag buachan ar Shasana le poi…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair 2023. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá eagla ann gur maraíodh na céadta daoine i bpléasc a tharla in Ospidéal Al-Ahli i gCathair Gaza oíche Dé Máirt. Chuir na húdaráis Palaistíneacha in Gaza, atá faoi smacht ag Hamas, an locht ar Iosrae…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Rinne na míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí gan choinne ar Iosrael maidin Dé Sathairn seo caite, inar mharaigh siad breis agus míle dhá chéad duine, agus é seo á scríobh tráthnóna Dé Céadaoin. Sibhialtaigh ab ea…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar an scríbhneoir agus drámadóir Ioruach, Jon Fosse. Scríbhneoir bisiúil é Fosse a bhfuil thart ar 40 dráma foilsithe aige, chomh maith le húrscéalta, filíocht, aistí, leabhair do phái…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an tríochadú lá de mhi Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey. Tá Cuallacht Scríbhneoirí Mheiriceá, a dhéanann ionadaíocht do scríbhneoirí teilifíse Hollywood, tar éis comhaontú sealadach a bhaint amach le feidhmeannaigh stiúideo. Tagann an comhaontú i ndiaidh míonna de stailceanna ó …
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Craoladh clár teilifíse ar Channel 4 an tseachtain seo ina líomhnaíodh go leor cúiseanna i gcoinne an fhuirseora Russell Brand, éigniú, íonsaí gnéis agus mí-úsáid mhothúchánach san áireamh. Maíodh gur tharla na hea…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Tharla dhá thubaiste nádúrtha uafásacha i dtuaisceart na hAfraice an tseachtain seo caite. Tharla crith talún ar mhéid 6.9, ar a dtugtar 'foréigneach' ar scála déine Mercalli, i Maracó, 70 ciliméadar siar ó dheas ó Marrak…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá rialtas na hÉireann ag smaoineamh ar luasteorainn ar bhóithre a ísliu chun an líon daoine a mharaítear i dtionóiscí bóthair a laghdú. Tá 128 duine i ndiaidh bás a fháil i dtimpistí bóthair sa stát ó thús na bliana, …
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Bhí fadhbanna teicniúla ag rialtóir aerthráchta sa Bhreatain a chur isteach ar eitiltí isteach agus amach ón tír. Tá na mílte daoine sáinnithe faoi láthair sa Bhreatain agus thar lear a bhí imithe ar laethanta saoire nó…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an séú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Is í an India an chéad tír chun spásárthach a thabhairt i dtír go rathúil ar phol theas na gealaí. Theip ar iarrachtaí na hIndia roimhe seo, agus mar gheall ar thír-raon garbh an phoil theas bhí sé deacair teacht i dtír…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an naoú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. D’fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta tuarascáil maidir le tithíocht san Eoraip. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil bearna ollmhór in úinéireacht tí idir daoine óga agus daoine aosta in Éi…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de Lúnasa 2023. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Dé Máirt, bhailigh na mílte daoine ar shráideanna Bhré, Contae Chill Mhantáin, chun an t-amhránaí, Sinéad O’Connor, a chaoineadh. Tháinig an tsochraid fríd an bhaile tar éis seirbhís phríobháideach, a rinne Ard-Iomám Iona…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá Donald Trump tar éis a bheith cúisithe ar a iarrachtaí an daonlathas a threascairt i ndiaidh thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2020. Phléadáil sé Déardaoin go raibh sé neamhchiontach maidir le ceithre chúis feileo…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh. Eagraíodh bigilí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe chun comóradh a dhéanamh ar an amhránaí, Sinead O'Connor, a fuair bás Dé Céadaoin. Bhí sí sé bliana is caoga d'aois. D’eisigh an taibheoir agus gníomhaí as Baile Átha Cliath …
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an dara lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey. Tá géarchéim RTÉ ag leanúint ar aghaidh an tseachtain seo. Ghabh an tArdstiúrthóir nua, Kevin Bakhurst, buíochas le daoine a lean ar aghaidh ag íoc a gceadúnas teilifíse. Tháinig a thuairim mar fhreagra ar thitim i ndíolacháin …
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá sé maíte ag ginearál de chuid Arm na Rúise gur tugadh bata agus bóthar dó mar gur inis sé an fhírinne do na ceannairí míleata i Moscó. Deir an Maorghinearál Ivan Popov gur thug sé solas ar fhadhbanna lena n-áirítear easpa ai…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí meadú ar an fhoréigean i ndiaidh ionradh Arm Iosrael ar bhaile Jenin ar an Bhruach Thiar. Dúirt an Taoiseach sa Dáil go raibh an-imní ar an rialtas faoin ionradh seo. Tá dháréag Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh …
  continue reading
 
I got a mic so I sound different👍Part 2 will be posted later😃 You are Aizawa T.A. (Teachers assistant) and you like him.👁👁 You have bad anxiety and Izuku helped you though a panic attack🥦 If you want to read yourself: https://www.wattpad.com/story/208834087?utm_source=android&utm_medium=link&utm_content=story_info&wp_page=story_details_button&wp_un…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Nochtadh an tseachtain seo caite gur íoc RTÉ €354,000 sa bhreis le Ryan Tubridy ó 2017 go 2022, méid nach raibh fógartha acu go poiblí. Dúirt Tubridy féin nach raibh sé ar an eolas faoi na híocaíochtaí. D’éirigh ardstiúrthóir RTÉ, …
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá cúigear turasóirí ar iarraidh a bhí ag déanamh turas faoin bhfarraige chun féachaint ar an long bhriste Titanic. Ceaptar go ndeachaigh an tumadóir ar iarraidh timpeall an cheantair sin in aice le Talamh a…
  continue reading
 
Your bleeding because same🥲 if you want to read yourself:https://www.wattpad.com/story/271898144?utm_source=android&utm_medium=link&utm_content=story_info&wp_page=story_details_button&wp_uname=YukiRyoko1&wp_originator=SrGyhndoKNWa0l%2BUxQVBunwa1NYCCdh7BdakIhOxudWO0YY%2B3e47uaQ6Yo8hgBY1JodPWV%2FNySDJxywMqm2KWxZLRrAw8AwbyPy3DN975E3azWsFNQSkYvJiRyPv3M…
  continue reading
 
Bakugou took you on a roller coaster date. You weren't a fan of it.🧡 If you want to read it yourself: https://www.wattpad.com/story/335720358?utm_source=android&utm_medium=link&utm_content=story_info&wp_page=story_details_button&wp_uname=YukiRyoko1&wp_originator=SKPV9Ey9XrE09CNwZ6dkvMpEtXIP%2FoOJfcQyBiqtXxHwKbs4vjgqon4y9zYfupNOJNNsnW00OhxwlCQDhXntp…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Fuair Christy Dignam, príomhamhránaí Aslan, bás ag aois 63 Dé Máirt, tar éis tinneas fada. D’fhás Dignam aníos i bhFionnghlas agus thosaigh sé ag seinm ceoil sna seachtóidí, leis an ngrúpa ceoltóirí a b…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Bhí leibhéil arda truailliú aeir i Meiriceá Thuaidh an tseachtain seo de bharr falscaithe i gCeanada. I Nua-Eabhrac, tugadh amach milliún masc agus moladh do dhaoine fanacht taobh istigh. Bhí aer tocsaineach le brath t…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá Éire chun a spriocanna aeráide 2030 a chailleadh mura ndéanann gach earnáil, lena n-áirítear talmhaíocht, leictreachas agus iompar, tuilleadh laghduithe astuithe a chur i gcrích go gasta agus a choinneáil amach anseo, …
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna. Thosaigh céim na ngrúpaí i gcraobh peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D’éirigh go han-mhaith leis na foirne Connachtacha. Bhí Maigh Eo i bhfad róláidir do Chiarraí i gCill Áirne, nuair a chuir si…
  continue reading
 
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. Eisíodh tuairiscí contrártha faoi na ceathrar leanaí, leanbh de aon mhí dhéag d'aois san áireamh, atá ar strae i bhforaois bháistí na hAmasóine na Colóime tar éis timpiste eitleáin níos mó ná coicís ó shin. D’fhógraigh an tUa…
  continue reading
 
Shigaraki has never has never had a family who wanted to celebrate Christmas with, but now that your here, that's gonna change💙👍 If anyone needs email: babydoll.lilith.2008@gmail.com👍🤫 If you want to read yourself: https://at.tumblr.com/bea-does-stuff/shiggys-first-christmas-shigaraki-x-reader/gqpqg9q0itgo🤫--- Send in a voice message: https://podca…
  continue reading
 
Loading …

Короткий довідник